Orthohantavirus
| Cineál | tacsón |
|---|---|
Is géineas víreas é orthohantavirus a chuimsíonn na hantaivíris go léir (fine Hantaviridae).[1] Is víris neamhchoitianta iad a scaipeann creimirí de ghnáth — luchóga agus francaigh den chuid is mó — trína gcuid fuail, a gcac, nó a seile. Frídíní san aer ó fhual agus salachar luchain agus francaigh is iondúil is cúis le scaipeadh an víris.



Tinneas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is féidir leis na hantaivíris tinneas tromchúiseach a chur ar dhuine, go háirithe sa chóras riospráide agus sna scamhóga.
Ní scaipeann na hantaivíris go réidh ó dhuine go duine. Cé gur annamh a scaipeann sé ó dhuine go duine tá tréimhse ghoir roinnt seachtainí in ann a bheith ag an aicíd, mar sin ní gá go mbeadh comharthaí sóirt fós ar dhaoine fiú agus an víreas tolgtha acu.[2]
Níl aon chogas ar leith ann le ghabháil i ngleic le hantaivíreas agus curtar othair a bhíonn buailte go dona ar mheaisín aerála in aonad dianchúraim.
Cásanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair bean chéile Gene Hackman, Betsy Arakawa bás in 2025, agus i ndiaidh fiosrúcháin is léir go bhfuair Arakawa bás mar gheall ar shiondróm scamhógach hantaivíris.[3]
In 2026 fuair triúr bás de bharr ráig hantaivíreas ar an long an MV Hondius, a bhí ag seoladh ó Ushuaia san Airgintín trasna an Atlantaigh chomh fada le Rinn Verde san Afraic.[4] Scaipeadh an hantaivíreas ó dhuine go duine i ngar-theagmháil lena chéile ar an long saoire, a bhí sáinnithe ar muir amach ó chósta thiar na hAfraice a dúirt an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.[5][2]
Athrú aeráide
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’fhéadfadh sé bheith mar thoradh ar athrú aeráide go mbeadh patrúin úra galar san Eoraip, trí, mar shampla réimsí tarchurtha galar veicteoir-iompartha a bheith ag aistriú, galair ar nós hantaivíreas.[6] [7]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, hantaviruses
- 1 2 Nuacht RTÉ (2026-05-05). "An víreas ar long saoire ag scaipeadh ó dhuine go duine - an WHO" (as ga-IE).
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (8 Márta 2025). "Nuacht Mhall (Tír Eoghain)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2026-05-04.
- ↑ Nuacht RTÉ (2026-05-04). "Beirt as Éirinn ar bord long saoire buailte ag víreas" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2026-05-06). "Na hOileáin Chanáracha in éadan long le hantaivíreas teacht le cé" (as ga-IE).
- ↑ ECDC / ecdc.europa.eu (2011). "ECDC: Ardchaighdeán feabhais maidir le galair thógálacha a chosc agus a rialú" ISBN 978-92-9193-314-3.
- ↑ Comhairle an Aontais Eorpaigh (2022). "Conclúidí maidir le vacsaíniú mar cheann de na huirlisí is éifeachtaí chun galair a chosc agus an tsláinte phoiblí a fheabhsú".
