Tót
| Cineál | dia de chuid na Sean-Éigipte dia na gealaí |
|---|---|
| Comhthéacs | |
| Miotaseolaíocht | an tSean-Éigipt |
| Dáta | |
| Inscne | fireann |
| Muintir | |
| Céile | Mát agus Nehmetawy (en) |
| Eile | |
| Cuid de | Miotaseolaíocht na hÉigipte |
| Comhionann | Heirméas |
Dia i miotaseolaíocht na hÉigipte is ea Tót[1]. Dia na gealaí a bhí ann ach níos déanaí d’éirigh sé ina dhia ar son na scríbhneoireachta agus eolais chomh maith. Pátrún na scríobhaithe agus scoláirí a bhí ann. Léirítear é mar íbis nó mar bhabún.

Ainm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig an leagan Gaeilge den ainm, Tót, ón mBéarla Thoth, a tháinig ón sean-Gréigis Θώθ agus ón sean-Éigiptis Ḏḥwtj (𓅝𓏏𓏭). Is féidir go ciallaíonn a ainm 'eisean atá cosúil le híbis'[2] ag déanamh tagairt ar a chosúlacht leis an ainmhí a bhí naofa dó
Miotaseolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mar dhia na gealaí, tá nasc láidir ann idir Tót agus dia na gréine Ra. Cuireadh Tót i gcomparáid le Ra mar 'ghrian na hoíche' agus dúradh gur mhac Ra a bhí Tót. I bhfinscéalta eile áfach dúradh gurb é Hóras a athair agus bhí Tót in ann súil gortaithe Hórais, ceangailte leis an ngealach, a chneasú. D'fheidhmigh sé go coitianta mar theachtaire agus mar chomhréiteoir idir na déithe[3].
Bhí ról lárnach aige in ualú na gcroíthe mar a luaitear i Leabhar na Marbh, le Tót ina sheasamh roimh an meá a mheánn croí na n-anamacha leis an dia Anúbas ag tabhairt breithiúnas orthu chun cead a thabhairt dóibh teacht isteach sa Saol Eile agus é ag déanamh taifid ar na torthaí[3].
Bhí an bandia Nehemetawey a bhean chéile ach bhí sé nasctha go han-minic le bandia na scríbhneoireachta Seshat. De bharr a thréithe bainte leis an eolas agus an scríbhneoireacht creideadh go raibh draíocht agus rúin ar eolas aige, nach raibh ar eolas ag na déithe eile fiú[3].
Ionaid Chultas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dia an-tábhachtach a bhí Tót i rith ré na sean-Éigipte agus bhí ionaid chultas tiomnaithe don dia ar fud Gleann na Níle agus níos faide de. Ba é an chathair Hermopolis an príomhionad, le hionaid thábhachtacha eile in el-Baqliya, an ósais Dakhla agus Serabit el-Khadim ar leithinis Síonáí[3]

Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Thoth” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-09-16.
- ↑ "Deities in Ancient Egypt - Thoth" (Béarla). Dáta rochtana: 2026-05-22.
- 1 2 3 4 Richard H. Wilkinson (2003). "The Complete Gods and Goddesses of Ancient Egypt": 215-217.
